Labhair Amach!
Leabhar ullmhúcháin don Bhéaltriail Ardteistiméireachta is ea Labhair Amach. Déantar idir ghnáthleibhéal agus ardleibhéal a chlúdach sa saothar cuimsitheach seo. Is cinnte go mbeidh sé seo ina áis iontach oibre ag múinteoirí sa seomra ranga agus go mbainfidh daltaí idir thaithneamh agus thairbhe as.
- Cur síos soiléir ar chur chuige agus ar leagan amach an scrúdaithe
- Liosta ceisteanna a mbeifí ag súil leo sa scrúdú
- Comhairle maidir le cúrsaí ullmhúcháin
- Eolas leathan maidir le hábhair mar: mé féin, m’áit chónaithe, mo scoil, cluichí, caitheamh aimsire, slite beatha, an Ghaeltacht, cúrsaí polaitiúla, cúrsaí reatha agus ábhair eile
- Ullmhúchán do cheisteanna sa Mhodh Coinníollach
Maidir leis na haonaid féin, tá stuchtúr céimneach, simplí iontu – ailt agus comhráite samplacha, foclóir, ceisteanna le freagairt ó bhéal, nathanna úsáideacha, pointí gramadaí, obair scríofa agus obair bheirte.
