You are here: Home Primary SESE Nach Iontach an Domhan É! Nach Iontach an Domhan É! – Naíonáin Shóisearacha

Nach Iontach an Domhan É! – Naíonáin Shóisearacha

Athdhearadh agus leasaíodh eagráin na leabhar móreilimh Nach Iontach an Domhan É! le haghaidh na Naíonán agus na Ranganna Sóisearacha, agus cuirtear i láthair iad i bhformáid dhathúil, bheoga, nua.

I ngach leabhar tá réimse leathan ceachtanna agus gníomhaíochtaí a chuirfidh tuiscint ina luí ar pháistí ar cé chomh hiontach agus atá an domhan atá thart timpeall orthu.

Roghnaíodh na léaráidí agus na grianghraif go cúramach, agus iad lándaite san áit ar cuí. Dá bharr sin, tarraingeoidh siad súile daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí.

Stair – tá an ghné seo i ngach leabhar, rud a chothóidh an tuiscint ar conas a mhair daoine san am atá thart agus ar conas a tháinig athrú ar bheatha daoine ar feadh na n-aoiseanna.

Tíreolaíocht – tá an ghné seo ann agus cothaíonn sí an tuiscint ar ár n-áit sa cheantar áitiúil  agus sa domhan lasmuigh.

Eolaíocht – tá an ghné seo ann agus, trí cheistiú agus trí thástáil, cabhraíonn sí linn tuiscint a bheith againn ar oibriú an domhain thart timpeall orainn.

  • Deich bpóstaer lándaite balla le haghaidh gach ranga
  • Leabhair Acmhainní Chuimsitheacha Múinteora (i mBéarla) le haghaidh gach leibhéil

Class:  Junior Infants

Price:   €13.60

ISBN:   9780714418384