You are here: Home Post Primary Engineering Innealtóireacht agus Teicneolaíocht Fheidhmeach don tSraith Shóisearach

Innealtóireacht agus Teicneolaíocht Fheidhmeach don tSraith Shóisearach

Seo leabhar nua spreagúil i nGaeilge do na cúrsaí Innealtóireachta agus Teicneolaíochta Feidhmí don tSraith Shóisearach. Tá ábhar breise curtha san áireamh chun freastal ar an dá chúrsa, mar shampla, tá ábhar breise curtha le topaicí mar ábhair, uirlisí agus trealamh, próisis, leictreonaic, dearadh agus an mheicitreonaic.

  • Tá úsáid bainte as a lán léaráidí. Cuidíonn sé seo chun an t-eolas a chur in iúl go soiléir, a mhíniú agus a thaifeadadh agus chun an fhoclaíocht a choinneáil gearr.
  • Tá iarracht déanta chun freastal ar scoláirí a bhfuil cumais éagsúla iontu agus an deis a thabhairt do gach scoláire a mbarr caighdeáin a bhaint amach. Tá cuid den ábhar dúshlánach ach spreagúil do na scoláirí is cumasaí.
  • Tá próisis mínithe go soiléir chun cuidiú le scoláirí a scileanna agus eolas a fheabhsú agus tionscadail ar ardchaighdeán a tháirgeadh.
  • Cuidíonn na cleachtaí ag deireadh gach caibidle le strúchtúr a chur ar an staidéar agus ar an obair bhaile agus chun an gá le tógáil nótaí a laghdú.
  • Is féidir leis an téarmaíocht i nGaeilge a bheith dúshlánach do na scoláirí agus chuige sin tá aistriúcháin curtha ar fáil ag bun gach leathanaigh.
  • Tá súil freisin go gcuideoidh an leabhar seo chun an téarmaíocht i nGaeilge a chur in úsáid níos forleithne.

Údar: Seán Ó Tuairisg

Class:  Junior Cycle

Price:   €39.90

ISBN:   9780714431932